Monday 31 December 2007

Dublin Trip

Oh my gosh, an lá deirneach don bhliain!! Where does the time go?? I'd better get one more blog in here before 2008!!

Ag tús mí na Nollaig chaith muid cúpla lá i mBaile Átha Cliath. Casadh Mary Anne agus Eoin orainn sa St. Stephens Green Centre. Seo pic do na páistí ag amharc ar na soilse Nollaig ann.



Thug muid cuairt ar Mullach Íde fosta, bhí dúil mhór ag Caoilte sa Mhaighdean Mhara seo go háirithe nuair a d'aithne se go raibh sí déanta as iasc!!



Chaith na páistí tamalt fáda ag amharc ar na báid uilig ag an Marina, d'aithin siad cúpla ceann a chonaic siad i dToraigh i mbliana fósta!!



Seo iad ag fanacht le dhul ar an 'Dart'. Cha raibh Caoilte nó Cobhlaith ar traen riamh roimhe agus bhí Ríonnach ina leanbh nuair a bhí seise orthu so bhí seo ina eachtra mhór daofa.



Seo an 'Santa Train' ag tarraingt isteach go staisiúin an Phiarsaigh, an áit a chuaigh muid ar bord.





Santa agus Caoilte


Ríonnach, Cobhlaith agus Santa. Bhí Cobhlaith 'rud beag faitheach' a little bit shy mar a dúirt sí féin!! (fan am a thug sí an 3ú cuairt ar Santa an Nollaig seo bhí sin imithe!!)


Ríonnach agus Eddie ar an Santa Train



Cobhlaith, Ríonnach agus Caoilte san Ostan sular fhág muid le cuairt a thabhairt ar Vincie in Dalgan.

Chaith muid 2-3 uair in Dalgan le Vincie. Seo pic do Cobhlaith, Noelle agus Vincie ina sheomra ansin. Fuair muid dinnéar galanta ann sular imigh muid linn na bhaile arís.






Stop muid in teach Conor in Leitir Ceanainn ar an bhealach na bhaile agus cha raibh Cobhlaith ag iarraidh fágail ar chóir ar bith ag am baile cé go raibh sí mar tuirseach mar a tchí tú sa pic seo.

No comments: