Monday 9 July 2007

Mórsheisear



Seo Cobhlaith ag an Mhóirsheisear inné - an 7ú lá don 7ú mí 2007.

Is é seo (Mhóirsheisear) fothraigh de aireagal ón luath Chríostaíochta. Tá sé suite chóir teach s'againne ar an Bhaile Thiar. Is é an chiall atá ag an fhocail mórsheisear ná seachtar!! Tá scéal béaloidis ag baint leis agus seo é: Chuaigh bád beag béal faoi taobh amuigh de Scoilt an Mhóirsheisear ar chósta iarthuaiscirt an oileáin san am. Báthadh seisear fear agus bean amháin agus cuireadh iad san áit seo. Aireagal beag dronuilleogach atá ann ina raibh altóir ag an bhinn thoir. Le linn searmanas bhfágtaí trí chloch a bhí éadrom go leor le hiompar thart o áit go háit. Meastar gur sheas na clocha do chailís agus dhá choinnleoir. Níl na clocha ann anois, ach tá bollán ina bhfuil lag gearrtha isteach ann taobh leis an bealach isteach.

De réir an seanchais tá cumhacht ar leith ag an chréafóg atá os cionn uaigh na mná atá curtha anseo chun lochógaí móra a choinneal ar shiúil. Is féidir an créafóg seo a fháil ón duine is síne de Chlann Uí Dhubhgháin chun luchógaí móra a choinneal ar shiúil ó do theach. Níl luchógaí móra ar bith i dToraigh buíochas le Dia.

4 comments:

Audrey said...

Hope all is well - wanted to let you know I've tagged you. You Rock!

Neasa said...

Tán scéal sin án suimiúil. Cáithfith mé é a bhreathniú suas. Níor thiog me cupla line agus tá mé ag ceapadh gur "mhissiol" mé an croí don sceal seo. Tá an ceanúint agus na focla diffriúl á má chuir amú!!! (Níl mo chuid leamh Gaeige chomh maith sin...go mó leischeil....) Coinnigh suas é Noelle.

Karva said...

What a cutie Cobhlaith is Noelle, hope your all well

Audrey said...

Hope all is ok! Just tagged you again. xxxx