Sunday 13 May 2007

Ceol agus rudaí eile!



Seo picitúir domh féin agus Ríonnach a tharraing Caoilte dúinn inné. Nach maith é!

Caidé mar atá sibh uilig inniu? Bhí lá deas anseo i lár na farraige, rud beag fuar agus gaotha ach bhí muid amuigh ag siúl mar sin féin. Tá na cuairteoirí ag tosacht ag teacht isteach na laethe seo agus cuid mhór 'birdwatchers' ina measc. Tá mé féin agus an choiste gnoitheach ag déanamh réidh fa choinne an Fheis a bheas ar siúl an tseachtain seo chugainn. Ta na páistí (agus na daoine fásta de réir mar a chloinim!) ag cleachteadh leo. Bhí clár deas ag Ronan ar R na G Déardaoin seo a chuaigh thart fa Toraigh agus fan feis anuraidh. Bhí sé deas na hamhrainithe a chloistin arís, go háirithe Ríonnach. Cheol sí Beití Sailí Dan - bhuel 4 ceathru de cibé - cha raibh sí ach 6 mbliana anuraidh, is doiligh creidmhail an méid a d'athraidh glór s'aici ó shin!! Bhí sé deas leithid Colm Joe agus Pádraig agus John Ghráinne a chloistin ar an raidió fósta.

5 comments:

Caroline Moore said...

Go Halainn Noelle - your daughter has the most beautiful eyes and your SW LO was brilliant with her in it.

Karva said...

WOW noelle fab picture of you and DD. Love the Lo's and the CJ and the dolphine.. the blog looks cool :)

gertie (aka aine) said...

noelle, she is so beautiful, look at her eyes - mesmerising!!

Neasa said...

Ronan Mac Aodha Bhui an eá? Tá mo dhreifiúr ag obair i R na G chomh maith. Bíonn sí ar clár na maidinne.(6 a chlog, ceapaim...) Gráinne Ní Dhomhnaill.
Tá an pictiúr sin duit fein agus Rionnach go h-álainn. Is maith liom do gheansaí (níl a fhios agam an focal do "cardigan"!!!!)Is maith liom do "cheardigan!!!!!"

Neasa said...

http://www.rte.ie/rnag/neadnafuiseoige.html
Tá sí faighte agam!!!!!