Wednesday 9 May 2007

Surprises!



Fuair na páistí 'surprise' tráthnóna Dé hAoine nuair a tháinig Grandad isteach ar an bád farantóireachta ag a sé a'chlog. Cha raibh a fhios acu go raibh sé ag teacht. Agus fuair Grandad 'surprise' nuair a chonaic sé Ríonnach agus Jack le chéile! Tá eagla ar Ríonnach roimhe madaidh ó bhí sí beag, ach anois le cuidiú ó bhean galánta darbh ainm Joanne, agus le cuidiú ó madadh Melissa - Jack - tá sí ag teacht thart. Mí ó shin cha rachadh sí chóir Jack gan é a bheith ar an tead, ach le cúpla lá tá sí féin abalta é a chuir ar an tead agus é a thabhairt ar shiúlóidí.

1 comment:

Neasa said...

Maith thú Ríonnach! Tá faitíos ar mo mhac roimhe madraí freisin ach amháin ceann m'áthair amuigh ar óiléan Arainn! Caithfidh sé go bhuail rud eigin speisialta faoí madraí na h-oileann!!!!