Wednesday 16 May 2007

Uisce!

Tá cuid mhór caint fa uisce na Gaillimhe le tamalt anois, ACH tá fógra galla(boiling notice) ar an uisce i dToraigh ó tháinig mise anseo dhá bhliain deag ó shin!! Caidé fa uisce Thoraigh??? Níl muidne ag fáil BOGOF's ar bith. Sin ráite b'fhéidir go bhfuil an t-ádh orainn siocar go bhfuil cúpla tobar againn anseo, agus seans go bhfuil an t-uisce san tobair níos fearr na na buideail ach bheadh sé deas da dtiocfadh linn an t-uisce sna sconnaí a ól. Seo Cobhlaith ag 'pumpal' uisce ag an tobar inné.







-

1 comment:

Neasa said...

Ní feidir uisce An Cheathrú Rua a ól ach oiread. Tá truilleach/fuilleach ag dul isteach san amhainn ach fós tá na "powers that be" ag rá go bhfuil sé ceart go leor. Tá sé donn sa ghloine.....ugh! An chéad rud a dúirt an doctúir liom nuair a thainig mé ar ais go dtí an ait seo agus mé ag súil mo chéad pháiste na "Ná h-ól an t-uisce gan é a fiuchadh"....